Cleachtais oibre

Feidhmíonn an sreabhadh oibre maidir le haschuir eolaíocha EFSA ón nóiméad a fhaigheann EFSA iarratas ar Is éard is meánriachtanas (AR) an leibhéal cothaithigh sa réim bhia a chomhlíonann riachtanais laethúla leath na ndaoine i ngnáthphobal sláintiúil chomhairle eolaíoch nó a chuireann sé tús lena ghníomhaíocht féin go dtí an tráth a fhoilsíonn sé a thorthaí.

This content is hosted by a third party. By showing the external content you accept the terms and conditions of YouTube.

Tá trí phríomhchéim ann:

  1. Iarratas
  2. Measúnú
  3. Glacadh

I. Iarratas

Faigheann EFSA iarratais ar chomhairle eolaíoch go príomha ón gCoimisiún Eorpach, ach freisin ó Pharlaimint na hEorpa nó ó na Ballstáit. Tugtar achoimre san iarratas ar a bhfuil á iarraidh ar EFSA: an tsaincheist, na téarmaí tagartha, an clár ama agus mar sin de.

  • Ar iarratas a fháil, déanann EFSA an t-ábhar atá ann a mheas, pléann sé leis an gCoimisiún é agus tugann sé aghaidh ar aon saincheisteanna ar gá iad a shoiléiriú, amhail inchomhlíontacht an spriocdháta. Tar éis an phlé sin, tagann EFSA agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le sainordú, lena n-áirítear na téarmaí tagartha deiridh agus spriocdháta arna chomhaontú go frithpháirteach.
  • Maidir le hiarratais mhargaidh, déanann EFSA iomláine an iarratais a bhailíochtú/a sheiceáil agus féadfaidh sé tuilleadh faisnéise eolaíche a iarraidh ar an iarratasóir.

Ansin sanntar an sainordú do cheann de Phainéil Eolaíocha EFSA nó dá Choiste Eolaíoch agus cuirtear ar fáil é ar thairseach OpenEFSA.

This content is hosted by a third party. By showing the external content you accept the terms and conditions of YouTube.

II. Measúnú

De ghnáth, cuireann EFSA Grúpa Oibre saineolaithe ar bun chun an measúnú riosca Réimse speisialaithe d’eolaíocht fheidhmeach a chuimsíonn athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí agus ar staidéir eolaíocha d’fhonn na rioscaí a bhaineann le guaiseacha áirithe a mheas. Tá ceithre chéim i gceist leis: sainaithint guaise, tréithriú guaise, measúnú nochta agus tréithriú riosca a dhéanamh.

  • Déanann an grúpa oibre – ina mbíonn baill den Phainéal de ghnáth chomh maith le heolaithe breise ó réimsí speisialtóireachta – measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil, a bhféadfadh sonraí arna soláthar ag na Ballstáit, institiúidí taighde nó cuideachtaí a bheith i gceist leis. Má tá gá le tuilleadh sonraí, d'fhéadfaí iad a fháil ó líonraí bailithe sonraí EFSA nó glao oscailte ar shonraí a sheoladh ar shuíomh gréasáin EFSA.
  • Féadfaidh EFSA níos mó sonraí a iarraidh go díreach ón iarratasóir – agus sa chás sin cuirfear an t-amchlár rialála ar sos go dtí go soláthraítear iad sin.
  • Forbraíonn an grúpa oibre dréacht agus cuireann sé faoi bhráid an Phainéil é lena phlé.

Is minic a bhíonn comhairliúcháin á reáchtáil againn maidir le dréacht-aschuir agus ansin breithnímid na tuairimí sa doiciméad athbhreithnithe.

III. Glacadh

  • Glacann tromlach chomhaltaí an Phainéil leis an measúnú – agus taifeadtar aon tuairim mhionlaigh – ag cruinniú iomlánach den Phainéal ábhartha.
  • Mura nglacann an Painéal leis, seoltar an doiciméad ar ais chuig an ngrúpa oibre lena scrúdú tuilleadh agus chun dréacht athbhreithnithe a ullmhú lena ghlacadh ag cruinniú iomlánach eile ina dhiaidh sin.

Ansin foilsítear an t-aschur – ar Tuairim Eolaíoch Áirítear ar thuairimí measúnuithe riosca ar shaincheisteanna eolaíocha ginearálta, meastóireachtaí ar iarratas ar údarú táirge, substainte nó maíomh, nó meastóireacht ar mheasúnú riosca é de ghnáth, ach d'fhéadfadh sé gur Ráiteas, Treoirdhoiciméad nó cineál eile aschuir é – ar shuíomh gréasáin EFSA in Iris EFSA, ár n-iris eolaíochta ar líne a bhfuil rochtain oscailte uirthi.