Tús a chur le do ghairm ag EFSA
Fonn ort eispéireas nua a fháil? Má tá post fiúntach á lorg agat i dtimpeallacht oibre fíor-idirnáisiúnta, is é an rud ceart duitse tréimhse oiliúna ag EFSA! Cuirimid tréimhsí oiliúna íoctha ar Is éard is meánriachtanas (AR) an leibhéal cothaithigh sa réim bhia a chomhlíonann riachtanais laethúla leath na ndaoine i ngnáthphobal sláintiúil fáil leis an deis idir 5 agus 12 mhí a chaitheamh inár gceanncheathrú in Parma.
Cuirimid tréimhsí oiliúna ar fáil d’iarrthóirí as Ballstáit uile an AE agus as tíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí idirnáisiúnta chomh maith.
An bhfuil na comhábhair agat le bheith sa chéad oiliúnaí eile chugainn?
Agus tú ag obair in EFSA mar oiliúnaí, cuirfear tús le do ghairm agus le do thaithí oibre i gcibé réimse a ndéanann tú speisialtóireacht inti. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh dhaoine óga spreagtha ó chúlraí éagsúla acadúla agus gairmiúla (eolaithe, daoine gairmiúla cumarsáide agus dlí, saineolaithe TF, etc.). Tá ár bhfoireann idirnáisiúnta speisialtóirí chomh héagsúil leis an mbia a ndéanaimid measúnú air!
Bliain amháin, taithí ilchumasach
Beidh comhairleoir leat a dhéanfaidh tú a threorú agus a chóitseáil le linn do thréimhse oiliúna. Tá Pobal Oiliúnaithe faoi bhláth ann freisin inar féidir leat eispéiris a mhalartú le do phiaraí agus líonraí sóisialta a fhorbairt a d’fhéadfadh a bheidh ann i bhfad tar éis do thréimhse oiliúna.
Le linn na tréimhse oiliúna íoctha, beidh tú in ann leas a bhaint as go leor de na seirbhísí a thairgeann EFSA dá fhostaithe:
Ár gcultúr agus spiorad foirne
- Beidh tú ag obair i dtimpeallacht idirnáisiúnta, éagsúil agus spreagúil.
- Beidh tú in ann páirt a ghlacadh i mórán imeachtaí arna n-eagrú ag an bPobal Oiliúnaithe.
Timpeallacht oibre spreagúil
- Déanfaidh tú do chuid eolais ar shábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, táirgeadh bia agus inbhuanaitheacht bia a fhorbairt agus a neartú.
- Beidh deis agat páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna arna n-eagrú ag EFSA.
Fás agus foghlaim in EFSA
- Déanfaidh tú do chuid eolais ar shábháilteacht bia agus beatha ainmhithe, táirgeadh bia agus inbhuanaitheacht bia a fhorbairt agus a neartú.
- Beidh deis agat páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna arna n-eagrú ag EFSA.
EFSA in aon amharc amháin
570
Baill foirne
650
Saineolaithe
Oiliúnaithe, Oibrithe Eatramhacha, Aoi-Eolaithe agus Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht
Conas a bheith ina oiliúnaí
Iarratas a chur isteach
- Cruthaigh do chuntas inár dtairseach earcaíochta agus lean an treoir chéim ar chéim sa lámhleabhar d’iarrthóirí.
- Déanfar d’iarratas a scagadh bunaithe ar na critéir incháilitheachta.
- Má tá tú oiriúnach do phost na tréimse oiliúna, rachfar i dteagmháil leat le haghaidh agallaimh theileafóin nó agallaimh ar líne chun plé a dhéanamh ar na hionchais atá agat agus ar d’infhaighteacht.
- Is ag ár Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá an cinneadh deiridh, bunaithe ar mholadh an aonaid/na foirne. Gheobhaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo litir tairisceana leictreonach ina bpróifíl.
Critéir incháilitheachta
- Ní mór céim iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad a bheith agat faoin dáta deiridh d’iarratais.
- Ní mór eolas maith a bheith agat ar Bhéarla (leibhéal B2 ar a laghad de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha – CEFR).
Ionchais maidir le do thréimhse oiliúna
- Gheobhaidh tú taithí oibre i Mórghníomhaireacht eolaíochta Eorpach.
- Is féidir leat do líonra gairmiúil agus/nó eolaíochta a leathnú.
- Is féidir leat do chuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt agus a neartú sa réimse spéise atá roghnaithe agat.
- D’fhéadfadh tréimhse oiliúna in EFSA tús a chur le do ghairm i do réimse spéise.
Beidh cineál na hoibre ag brath ar an bhfoireann a bhfuil tú sannta di, ach tabharfaidh an tréimhse oiliúna deis duit an méid seo a leanas a bhaint amach:
• Taithí phearsanta a fháil ar obair Ghníomhaireacht eolaíochta AE agus inniúlachtaí agus scileanna nua a fhorbairt i gcomhréir le do leasanna pearsanta agus le do mhianta gairmiúla.
• Rannchuidiú le cuspóirí foriomlána an aonaid trí thacú le doiciméid agus tuarascálacha a dhréachtú, le hobair eolaíochta agus/nó riaracháin a láimhseáil, agus le torthaí a chur in iúl go tráthúil.
• Rannchuidiú le tionscadail agus gníomhaíochtaí sonracha trí smaointe nua agus réitigh nuálacha a chur ar fáil.
• Rannchuidiú le gníomhaíochtaí an aonaid a phleanáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
• Páirt a ghlacadh i ndeiseanna oiliúna, rud a chabhróidh leat fás go gairmiúil.
Faigh foláirimh phoist
Inár mbunachar sonraí poist is féidir leat clárú chun iarratas a dhéanamh ar phost oscailte agus clárú le haghaidh foláireamh poist mura bhfuil aon phost oiriúnach ar fáil faoi láthair.